Authors Name: 
John Woods
University: 
University College Cork
Category: 
Irish Language
Award winner

“Ba mar chaomhnóir oidhreachta agus oide teagaisc a d’fheidmigh Antoine Raiftearaí”. Léirmheas a scríobh ar fhilíocht Raiftearaí agus an tuairim sin mar bhunús na haiste.

San aiste Nuafhilíocht na Gaeilge, cáineann Tomás Ó Floinn cumadóireacht Raiftearaí le hais fhilíocht choigríche na tréimhse céanna, agus tugann le samhlú go bhfuil sí gaibhnithe ag mion-nithe pearsanta: “Nuair a mheabhraíonn tú filíocht uilig an 17ú agus an 18ú céad, cad é a gheobhaidh tú de bhuanna ann ach pearsantacht tarrantach taitneamhach...? Ní raibh aon Dante sa nGaeilge againn ná Chaucer, ná Villon, ná Milton: file ar bith a ghlac an saol agus an domhan agus an chruinne ina n-iomláine mar ábhar chuige” (Ó Floinn 1955: 2). Baothchritic chruthanta atá sa mhéid sin, a dhéantar spior spear di de thairbhe shaíocht T.S. Eliot: “The emotion of art is impersonal. And the poet cannot reach this impersonality without surrendering himself wholly to the work to be done... And he is not likely to know what is to be done unless he is conscious not of what is dead, but of what is already living” (Eliot 1932: 46). Ceal an airdill ar thábhacht na hoidhreachta a bhfuil an Floinneach uireasach ann, bheadh a míthuairim sin á bualadh orainn féin san aiste seo. Tugaimis suntas do ráiteas Mháirín Nic Eoin in “An tÚdar, An Téacs agus An Criticeoir” le go dtuigimis a bhfuil de dhualgas léirmheasa orainn: “Tá an-chuid oibre fós le déanamh le saothair liteartha na Gaeilge a shoilsiú ar bhealach a fhéachfaidh lena dtréithe a mheas i gcomhthéacs na bhfeidhmeanna a bhí á gcomhlíonadh acu ag tréimhsí ar leith” (Nic Eoin 1988: 64). Ba chun na hoibre sin a bhí Gearóid Denvir (1997: 298) agus cumadóireacht Raiftearaí á meas aige mar chuntas ar shaol a linne ó bhun aníos, trí shúile an dúchais. Pléann an aiste seo le feidhmeanna fhilíocht Raiftearaí mar chaomhnú oidhreachta agus mar oideas teagaisc, le go dtiocfar glan lena cháiréisí agus a mheáite sin de thuairim.